Ceol, Craic agus Rince – 14ú Márta

Tháinig na páistí ó sheomra 15 (Rang 2) agus ó sheomra 16 (Rang 3) le chéile chun tionól iontach a dhéanamh dúinn sa halla inniu. Chan siad go leor amhráin trí Ghaeilge i dteannta le gníomhaíochtaí. Ghléas siad suas agus rinne siad dráma. Bhain an lucht féachana taitneamh as an ndráma agus thug siad bualadh bos mór do na páistí. Ag deireadh an tionól chualamar ceol traidisiúnta sa halla agus i bpreab na súl thosaigh roinnt mhaith páistí ag rince. Bhí siad ar fheabhas! D’fhág na páistí, na tuismitheoirí, na múinteoirí agus na cuairteoirí an halla go sona sásta. Tá Seachtain na Gaeilge thart anois, ach beidh sé ar ais an bhliain seo chugainn, le cúnamh Dé!

 

 

This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.