Tús le ‘Seachtain na Gaeilge’ i mBunscoil Clochar Mhuire!

Bhí tionól iontach iontach mhaith againn i mBunscoil Clochar Mhuire ar an 6ú lá de mhí Márta chun tús Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Thosaigh an tionól ar leathuair tar éis a naoi ar maidin agus faoin am seo bhí an halla plodaithe le daoine óga is le daoine fásta. Rinne na buachailli is na cailíní ó sheomra 10 a ndícheall chun an lucht féachana a shiamsú agus de réir na daoine a bhí i láthair sa halla, bhí siad thar barr! Chualamar go leor Gaeilge (dánta, ceol agus roinnt maith eile), ach an rud is fearr a bhí os ár gcomhair ná an Haka Gaelach! Bhí na páistí ar fheabhas ar fad agus bhain gach duine an-sult as an taispeántas iomlán!

This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.