Bhí ócáid speisialta againn maidin inniu nuair a ardaíodh ár nGaelbhratach nua os comhair na scoile. I dtús báire, chuir Mr Kelly agus Mrs Nally fáilte mhór roimh gach duine a bhí i láthair. Ba í Kayleigh Trappe ina haoi onóra agus d’ardaigh sí an bhratach suas san aer. Sheinn grúpa cailíní ó na hardranganna píosa ceoil don lucht a bhí bailithe sa chlós. Chualamar na páistí ó Rang a Trí ag canadh go binn le cabhrú ó Mr Casey ar an ngiotár. Ag deireadh an ceiliúradh, chan gach duine Amhrán na bhFiann. Bhí bród an domhain ar achan duine. Míle buíochas do Mrs Nally agus don Choiste Gaelbhratach!