Is scéim í seo a chothaíonn meas ar an nGaeilge sa scoil agus a chuireann ar
chumas na ndaltaí an Ghaeilge a fhoghlaimíonn siad a úsáid go muiníneach
eatarthú féin ar fud na scoile. Cuireann sí tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí agus
scoláirí i rith na bliana. Is scéim í chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn,
scéim leanúnach a fhorbraíonn ó bhliain go bhliain. Tógann sé dhá bhliain ar a
laghad chun Gaelbhratach a bhaint amach. Bronntar Gaelbhratach ar an scoil
ag deireadh Bliain a dó má éiríonn linn na spriocanna a roghnaíomar a bhaint
amach. Bíonn an scoil iomlán páirteach sa scéim, an fhoireann iomlán, na daltaí
agus na tuismitheoirí.

 

 

 

 

 

 

 

Cuirtear blag ar fáil do scoileanna atá páirteach sa scéim le hobair na ndaltaí a léiriú. (https://stmarystrim.ie/?page_id=16657)

Bronntar ticéid nó greamáin do pháistí a dhéannannn iarracht Gaeilge alabhairt i rith an lae, timpeall na scoile nó sa chlós. Bíonn duais le fáil tar éis
chrannchuir ag deireach na seachtaine. Roghnaítear Gaeilgeoir na seachtaine gach seachtain. Ceiliúrtar iad ag gach Tionól Scoile.

Tá ceithre Ghaelbhratach tuilte againn anois. 2014, 2016, 2018 agus ceann imbliana 2020.

Bhí na spriocanna seo a leanas roghnaithe againn:
– Beannaithe
– Rannta agus Amhráin
– Bainisteoireacht ranga
– Tionól Scoile
– Amhrán na bhFiann
– Siamsaíocht
– Tráth na gCeist
– Gaeilge agus ábhair eile
‘S é an mana atá againn ná:

Tír gan teanga, Tír gan anam
Scoil gan Ghaeilge, Scoil gan chroí