Tharla go leor gníomhaíochtaí i mBunscoil Clochar Mhuire i rith Seachtain na Gaeilge 2025, buíochas le Mrs Nally agus a foireann! Bhí ár dteanga in úsáid sna ranganna agus sa seomra foirne ó Luan go hAoine. Chomh maith le sin, bhí ceol binn, damhsaíochta Gaeilge agus spóirt tradisiúnta le cloisteáil agus le feiceáil achan lá istigh agus amuigh. Tháinig Ann agus Bobby ó Carney School of Dancing chun ceachtanna damhsa a thabhairt do pháistí ó rang a dó go rang a ceathar. Maidin Dé hAoine, bhí ceolchoirm iontach mhaith againn chun deireadh Seachtain na Gaeilge 2025 a cheiliúradh. Chan na páistí amhráin in ár dteanga náisiúnta, sheinn siad ceol tradisiúnta agus bhí siad ag damhsa i ngrúpaí beaga freisin. Bhí céilí sa halla roimh lón. San iarnóin, ghlac na páistí ó rang a trí go rang a sé páirt i dTráth na gCeist. Chuir Ms Carr ceisteanna suimiúla le chéile dúinn. Go raibh maith agat, Ms Carr. Fuair na buaiteoirí uibheacha Cásca agus bhí siad an-sásta leo féin. Bhain gach duine sult as Seachtain na Gaeilge!  Féachaigí ar na físeanna agus na griangrafanna thíos!